Inis Meáin Beo
Is eagraíocht forbartha pobail é Comhlacht Forbartha Inis Méain, atá lonnathaithe ar Inis Meáin, Oileáin Árann. Bunaíodh é in 2016 chun cabhrú leis an oileán a chur chun cinn, seirbhísí a chinntiú, an teanga a chaomhnú, maoiniú a mhealladh agus chun saol níos fearr a chinntiú do phobal Inis Meáin.
Tá Inis Meáin tar éis go leor scoláirí teanga, daoine mór le rá san litríocht agus ceannródaithe na gluaiseachta náisiúnta a ghabháil agus a mhealladh tríd na haoiseanna, chomh maith le luath lonnaitheoirí a thug iontas ailtireachta dúinn a mhair 6,000 bliain.
Tá súil againn go dtabharfaidh tú cuid den inspioráid seo leat nuair a thiocfaidh tú ar cuairt go hInis Meáin!
Bialann
Níl féidir cuairt a thabhairt ar an oileán gan triáil a bhaint as na fataí is deise a d’ith tú riamh agus a bhfuil “cliú domhanda” orthu, chomh maith le crúba portáin úra!
Tá réimse bialainn ar fáil ar an oileán – féach an rannóg “Bialainn” leis na roghanna éagsúla a fheiceáil.
Lóistín
Tá lóistín d’árdchaighdeán thar a bheith tábhachtach ar do chuid laethanta saoire agus tá réimse maith lóistín le fáil ar Inis Méain a oireann do gach pearsantacht agus póca, idir svuít, leaba agus bricfeásta agus féin-fhreastal. Féach an rannóg “lóistín” le tuilleadh eolais a fháil.
Tasiteal
Is féidir taisteal go hInis Meáin ar bhád as Ros a Mhíl nó as Dúlainn nó ar eitleán as Indreabhán. Féach an rannóg “ag fáil timpeall” le tuilleadh eolais a fháil.
Lúb Siúlóidí
Tit i ngrá leis na radharcanna atá le tairiscint ag Inis Meáin ar cheann de na trí shiúlóidí lúbtha atá leagtha amach ar an oileán. Tosaíonn agus críochnaíonn chuile shiúlóid ag céibh an Chaladh Mhóir agus tá treoir do gach siúlóid le feiceáil go soiléar ar an mbealach.
Féach an rannóg “Lúb-shiúlóidí” le h-eolas a fháil ar na siúlóidí, chomh maith le reoir agus mapaí.
Le feiceáil ar Inis Meáin
Tá nithe tarraingteach ag baint le stair an oileáin ar nós Cathaoir Synge, a bhfuil cáil dhomhanda air, fuinneoga daite Harry Clarke sa séipeál chomh maith leis na haillte iontacha atá amuigh ó dheas. Féach an rannóg “Le feiceáil ar Inis Meáin” le tuilleadh sonraí
Gaeilge Inis Meáin
Is í Gaeilge Inis Meáin an Coláiste Gaeilge atá ar an oileán a fhreastalaíonn ar dhaoine fásta agus ar dhéagóirí. Tá cliú agus cáil ar Inis Meáin mar Ghaeltacht agus ina measc siúd a tháinig go hInis Meáin chun feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge bhí Eoin Mac Néill, Pádraig Mac Piarais, J.M. Synge agus Éamon de Valera. Tá tuilleadh eolais ar na cúrsaí Gaeilge ar fáil anseo: https://gaeilgeinismeain.wixsite.com/mysite
Fáilte go hInis Meáin
Is í Inis Meáin an t-oileán lár báire de na hOileáin Árann, suite i gCuan na Gaillimhe, amach ó chósta thiar na hÉireann. Tá daonra de timpeall 180 ag cónaí ar an oileán agus tá méadú tagtha ar an líon daoine atá ag cur fúthú san áit le roinnt blianta rud a thugann dóchas do mhuintir na háite maidir leis an todhchaí. Tá Inis Meáin caomhnaithe ag am agus ag traidisiúin. Tá cliú ar an oileán mar cheann de na ceantair is saibhre cultúir agus oidhreachta sa tír agus is í an Ghaeilge a labhraítear go laethúil anseo. I measc na h-áiseanna atá ar an oileán, tá bunscoil agus meánscoil, ionad sláinte, siopa, oifig an phoist, séipéal, monarchan cniotála, teach ósta, bialainn, tithe lóistín, páirc peile, páirc astro, páirc spraoi agus tránna áille. Is cinnte go gcuirfear céad míle fáilte romhat agus cuairt dhá thabhairt agat ar an oileán draíochta seo.
Lúb SHiúlóidí
Tosaíonn an trí shiúlóid ag Céibh an Chaladh Mhóir

Lúb Dún Chonchuir

Achar Ama: 2 hr 30 min
Tír-raon: Surface Roads
Deacracht: Éasca – Measartha
Airde: 90m

LUB DÚN FEARBHAÍ

Achar Ama: 4 hr 30 mins
Tír-raon: Surface Roads
Deacracht: Éasca- Measartha
Airde: 450m

Lub Cill Cheannannach

Achar Ama: 3 hr 30 min
Tír-raon: Surface Roads
Deacracht: Éasca – Measartha
Airde: 120m
Is í Gaeilge Inis Meáin an coláiste Gaeilge ar an oileán
Ceann de na príomh aidhmneanna atá ag Comhalcht Forbatha Inis Meáin ná an Ghaeilge a chur chun cinn trí chúrsaí a chuir ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Ritheann cúrsaí Ghaeilge Inis Meáin chuile shamhraidh agus feileann siad chuile leibhéal Gaeilge, is cuma más tosaitheoir thú nó duine atá líofa ach ag iarraidh blas Inis Meáin a chuir ar do chuid Gaeilge. Tá cáil i bhfad is i gcéin ar Ghaeilge Inis Meáin agus i measc na ndaoine a tháinig chuig an oileán le feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge bhí Eoin MAc Néill, Pádraig Mac Piarais, J.M. Synge agus Éamon de Valera. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na cúrsaí Gaeilge anseo
Book a Course Now for 2021
Bialainn

An Dún
Lón agus dinnéar ar fáil i rith an lae / Áirithint riachtanach don dinnéar
Phone: 087 6806251
Website: inismeainaccommodation.ie
Cniotáil Inis Meáin
Siopa Ruaidhri Beag / An Post
LÓISTÍN
Is rúndiamhair é Inis Meáin do chuid, utóip do dhaoine eile, áit a chaomhnaítear in am, ach a éilíonn leas idirnáisiúnta
Le feiceáil ar Inis Meáin

Teach Synge
Tháinig John Millingtion Synge go hInis Meáin den chéad uair i 1898 agus chuile shamhraidh go dtí 1902. Bhíodh an scríbhneoir agus an drámadóir cáiliúil ar lóistín sa teach seo le Muintir Dhonnchadha nuair a thiocfadh sé ar cuairt. Ní hé J.M. Synge an t-aon phearsa tábhachtach a chaith seal seo. I measc daoine polaitiúila agus léinn a d’fhan ann, bhí Pádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill, Lady Gregory agus Éamon de Valera. Tugadh ‘Ollscoil na Gaeilge’ ar Theach Synge go minic. Déanadh ath-chóiriú ar an teach roinnt blianta ó shin, agus bíonn Teach Synge oscailte don phobal i rith séasúr an tsamhraidh.

Cathaoir Synge
Seo é an áit a shuíodh Synge, ar bhruach na h-aille ar an taobh thiar den oileán. Ní haon ionadh é go raibh sé chomh tógtha leis an áit seo mar tá radharc trasna ar Shúna Ghréagóir, siar ar ailltreacha Inis Mór, amach ar an Aigéan Atlantach agus ó thuaidh ar Chonamara. Deirtear gur ins an áit sceirdiúil aerach seo agus é faoi dhraíocht ag ceol na farraige a fuair Synge ionspráid do go leor dhá dhrámaí.

Cill Cheannannach
Deirtear gur cill nó séipéal ón meánaois é, a raibh manaigh ina gcónaí ann. Tá an chill seo lonnaithe taobh istigh den sean-reilig ar an oileán. Cuireadh mairibh Inis Meáin sa reilig seo suas go 1940. Bhí an talamh sa reilig seo clochach go maith gan mórán cré ann. Is minic go gcuirtí cúigear nó seisear gaolta in aon uaigh amháin agus ansin cuireadh leacracha aolchloiche ós cionn an uaigh.
Ag fáil timpeall an oileáin

Taxi
Bridín –
087 2482637

Taxi
Michael –
087 6526263

Bike Hire
Máirtín Ó Fátharta –
087 9728796
CÓD CUAIRTEOIRÍ INIS MEÁIN
- Coinnigh Inis Meáin saor ó bhrúscar, bain úsáid as na boscaí brúscair atá timpeall an oileáin – Molann muid buidéil uisce agus cupáin te in-athúsáidte a thabhairt leat chun an líon brúscair a laghdú anseo.
- Ná bí ag dreapadh ar na h-iarsmaí stairiúla ar an oileán agus ná bain aon phíosaí de na suíomhanna.
- Rothaigh go cúramach in aon líne agus coinnigh ar chlé i gcónaí.
- Ná pioc aon phabhsaer, tá cuid acu neamh-choitianta agus faoi chosaint an dlí.
- Bí goiliúnach don phobal óstach agus bíodh meas agat ar a gcuid príobháideachas.
- Ná tóg cromleaca macasamhail ná galláin ar an oileán.
- Fan ar na bóithre agus ar na cosáin agus ná leag aon chlaí.
- Ní bog / leag lámh ar aon treallamh iascaireachta ná aon treallamh eile atá fágtha ar na céibheanna.
- Ná las tinte ar an talamh ná ar na tránna – is riosca sláinte agus sábháilteachta atá ann do na hainmhithe feirme agus d’úsáideoirí eile.
- Bí áirdeallach faoi chumhacht na farraige agus na contúirtí a théann leis – ná cas do dhroim leis an bhfarraige ariamh.
AG TAISTEAL CHUIG AN OILEÁN
Is féidir taisteal go hInis Meáin ar bhád as Ros a Mhíl nó as Dúlainn agus ar eitleán as Indreabhán.
FLIGHTS
https://aerarannislands.ie (Flight to Inis Meáin)
FERRIES
https://www.aranislandferries.com (Ferry from Ros a Mhile)
https://www.doolin2aranferries.com (Ferry from Doolin)
https://doolinferry.com (Ferry from Doolin)


