FÉILE NA bPUITEACHAÍ 2022

Féile nua is é ‘Féile na bPuiteachaí Inis Meáin’ ina reachtálfar réimse ócáidí pobail in Halla Naomh Eoin ar Satharn an 1ú Deireadh Fómhair a dhéanfaidh céiliúradh ar ‘puiteachaí’ (sméara dubha Inis Meáin). Tarraingeoidh an fhéile an pobal le chéile chun na húsáidí ar fad a bhaineann leis na torthaí úd a chéiliúradh; le seanchas, ealaíon, cócaireacht, ceol agus eile.

Clár imeachtaí

v

Comórtas filíochta Gaeilge:

Eagrófar dhá chomórtas filíochta mar chuid don fhéile; Comórtas na nÓg agus Comórtas na nDaoine Fásta.

Comórtas na nÓg

Tá Comórtas na nÓg oscailte do ghasúir bunscoile agus iarrfar orthú píosa filíochta nó liricí amhráin a scríobh, ina luaitear ‘puiteachaí’ (sméara dubha Inis Meain).

Bronnfar dearbhán €30 Cló Iar Chonnachta ar an mbuaiteoir.

Comórtas na nDaoine Fásta

Iarrfar ar Dhaoine Fásta píosa filíochta nó lirící amhráin a chumadh ina luaitear ‘puiteachaí’.

Bronnfar duais €100 ar an mbuaiteoir.

Ní mór iontrálacha a sheoladh isteach roimh 3pm ar an 27ú Meán Fómhair.

Is féidir na hiontrálacha a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an phost chuig
‘Comórtas Fílíochta, Féile na bPuiteachaí, Ionad Pobail Inis Meáin, Carcair na Leacht, Inis Méain, Co. na Gaillimhe’. Ní mór ainm, aois agus modh teagmhála a chur le gach iontráil.

Fógrófar na buaiteoirí ag Oscailt Oifigiúil na Féile ag Halla Naomh Eoin ar a 11:30r.n. ar lá na féile.

Satharn an 1ú Deireadh Fómhair
HALLA NAMOH EOIN

11:30 Oscailt Oifigiúil na Féile

Osclófar an Fhéile go hOifigiúil ar a 11:30r.n. sa halla agus fógrófar buaiteoirí an Chomórtais Filíochta. Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí ar an árdán.

12:00 Siúlóid ‘Piocadh Puiteachaí’

Cuirfidh Aedín Ní Thiarnaigh siúlóid treoraithe ar bun inar féidir le rannpháirtithe a bpuiteachaí féin a bhailiú ar na creaga. Roinnfidh sí seanchas agus scéalta faoi dhúlra Inis Meáin leis an ngrúpa le linn an turais. Is féidir na puiteachaí a bhaileofar le linn na siúlóide a thabhairt abhaile, a ithe ar an spota nó a úsáid mar chuid de na hócáidí teaghlaigh sa halla níos déanaí.

Moltar do rannpháirtithe próca beag a thabhairt leo.

13:00 Ócáidí Teaghlaigh

13:00 Péinteáil Puiteachaí

Taispeánfaidh Juda Uí Loinsigh agus Orlaith Breathnach cén chaoi le dúch nádúrtha a dhéanamh as puiteachaí. Beidh fail ar scuabanna péinte agus páipéar le go mbeidh deis ag cách a bheith ag péinteáil le puiteachaí. Beidh daoine in ann a saothar a thabhairt abhaile leo nó a chrochadh ar an mballa sa halla.

14:00 Déanamh Suibhe

An dara imeacht ná déanamh suibhe sa chistin. Taispeánfar cén chaoi le subh milis blasta a dhéanamh le puiteachaí Inis Meáin. Beidh deis ag daoine a gcuid bpuiteachaí féin a chaitheamh isteach sa phota agus próca suibhe a thabhairt abhaile leo. Beidh deis freisin an saothar a bhlaiseadh ar an spota le ceapairí árán, suibhe agus im.

Moltar seanéadaí a chaitheamh ag na ócáidí seo.

15:00 Comórtas Bácála

Ní mór do bhácálaithe clarú don chomórtas ANSEO roimh ré, nó i Siopa Ruaidhrí Beag.Iarrfar ar dhaoine a rogha milseog a bhácáil ag baile, ag baint úsáid as puiteachaí Inis Meáin mar chuid den oideas.

Tógfar na cístí go dtí an halla ar an lá, áit a ndéanfar moltóireacht orthu go hanaithnid.

Bronnfar €100 ar an gcéad áit, €50 ar an dara háit agus €30 ar an tríú háit.

Beidh deis ag an bpobal a bheith i láthair mar a dhéanfar an mholtóireacht agus na cácaí a bhlaiseadh i ndiaidh na moltóireachta. Beidh tae agus caifé ar fail.

Ní mór do bhácálaithe clarú don chomórtas ANSEO roimh ré, nó i Siopa Ruaidhrí Beag.

Ní mhór do bhácálaithe a bheith i Halla Naomh Eoin ar 14:45 ar an lá le do dtabharfar uimhir dá gcistí sula dtagann
an moltóir.

16:30 Ceardlann Deochanna

Stiúrfaidh Pádraig Ó Fátharta ceardlann deochanna do dhaoine fásta sa halla ina dtaispeánfaidh sé do rannpháirtithe cén chaoi le torthaí an oileáin a úsáid chun blas a chur le gin. Tabharfaidh gach rannpháirtí a saothar abhaile leo.

Ní mór a bheith 18+ chun freastal ar an ócáid seo.

Ticéid teoranta ar fáil ANSEO ar €20 agus beidh líon teoranta ticéad ar fáil i Siopa Ruaidhrí Beag freisin.

20:00 Ceolchoirm na Féile

Cuirfear críoch leis an bhféile le ceolchoirm ón gcláirseoir aitheanta Úna Ní Fhlannagáin. Cuirfidh Úna oíche de cheoil cruite agus d’amhránaíocht faoi bhráid an lucht féachana agus cuirfear béim speisialta ar amhráin agus ceol a bhfuil tagairt do sméara dubha iontu.

Ticéid ar fáil ANSEO ar €10.