.png)

Cúrsaí Gaeilge 2027
Ar chaill tú áit inár gcohórt 2026 a bhí díolta amach? Nó b'fhéidir gurb é 2027 an bhliain a chuirfidh tú am ar leataobh le foghlaim faoi dheireadh!
Reáchtálann Coláiste Gaeilge Inis Meáin cúrsaí tumoideachais ardchaighdeáin do fhoghlaimeoirí fásta, ar an oileán is ciúine de thrí Oileán Árann, áit a bhfuil an Gaeilge mar theanga laethúil.
Beidh tú ag foghlaim faoi shaol an oileáin, faoi chultúr, agus faoi níos mó. Tá líon teoranta áiteanna ann agus líonann siad go tapa. Cláraigh do spéis anois le bheith ar an gcéad duine sa scuaine nuair a osclaítear dátaí 2027!

Coláiste Gaeilge Inis Meáin
Tá an Coláiste “Gaeilge Inis Meáin” lonnaithe ar an oileán i lár báire d’oileáin Árann. Seoid ar an Atlantach ina gcaomhnaítear an teanga is an cultúr in áit atá thar a bheith sábháilte agus ciúin. Níl a sárú ann ó thaobh fáilte Uí Cheallaigh a fháil ón bpobal áitiúil agus tá radharcanna dochreidte le feiceáil. Níl an áit millte ag an turasóireacht agus is féidir meascadh le cainteoirí dúchasacha agus feabhas ar leith a chur ar do chuid Ghaeilge le blas binn Inis Meáin. Le foireann ardoilte, cuirfear ina luí ar dhaltaí gur teanga beo í an Ghaeilge agus gur féidir spraoi a bhaint as sa rang agus sna himeachtaí taobh amuigh den rang araon. Beidh líon teoranta dalta ar an gcúrsa ina dtabhrfar aird speisialta ar gach dalta.
Bígí linn agus lean lorg leithéidí Pádraig Mac Piarais, W. B. Yeats, J.M Synge, Eoin Mac Néill, Dubhghlás De Híde Lady Gregory, Éamon De Valera, Éamon Ó Cuív agus go leor eile, iad ar fad a tháinig anseo chuig Inis Meáin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Coláiste Gaeilge 2027
CÁISC
29 Márta - 2 Aibreán
Leibhéil:
A2 - Alex Mac Seoin
B1 - Aedín Ní Thiarnaigh
MEITHEAMH
14 Meitheamh - 18 Meitheamh
Leibhéil:
B1 - Aedín Ní Thiarnaigh
MEITHEAMH
21 Meitheamh - 25 Meitheamh
Leibhéil:
B1 - Aedín Ní Thiarnaigh
IÚIL
5 Iúil - 9 Iúil
Leibhéil:
B1 - Aoife Ní Fhátharta
IÚIL
12 Iúil - 16 Iúil
Leibhéil:
B1 - Isibéal Ní Cheallaigh
B2 - Aisling Ní Chonghaile
Iúil
19 Iúil - 23 Iúil
Leibhéil:
A1 - Isibéal Ní Cheallaigh
A2 - Aisling Ní Chonghaile
Roghnaigh an cúrsa seo má tá tú ag tosú ón tús. B'fhéidir nach bhfuil aon Ghaeilge agat, nó nach bhfuil fágtha agat ach cúpla focal ón scoil. Ní gá aon taithí a bheith agat roimh ré. Foghlaimeoidh tú tú féin a chur in aithne, ceisteanna simplí a chur is a fhreagairt, agus tús a chur le comhrá.
Choose this course if you're starting from the very beginning. Maybe you have no Irish, or only a few words left from school. No previous experience needed. You'll learn to introduce yourself, ask and answer simple questions, and begin to hold a conversation.
Roghnaigh an cúrsa seo má tá bunús agat sa Ghaeilge cheana féin. Is féidir leat tú féin a chur in aithne, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus labhairt faoi na rudaí atá thart ort, m.sh. an lá inniu, do mhuintir, an áit as a dtagann tú. Anois tá tú réidh le dul níos faide: scéal a insint, do thuairim a thabhairt, agus comhrá níos faide a dhéanamh. Cuirfidh an cúrsa seo le do stór focal agus tabharfaidh sé an mhuinín duit níos mó Gaeilge a labhairt.
NB: Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal is feiliúnaí duit - cuir glaoch orainn, nó seol ríomhphost chugainn, agus cuirfimid comhairle ort.
Choose this course if you already have a basic foundation in Irish. You can introduce yourself, ask and answer questions, and talk about the things around you e.g., today, your family, where you come from. Now you’re ready to go further: to tell a story, give your opinion, and keep a conversation going for longer. This course will build your vocabulary and improve your confidence in Irish.
NB: If you’re not sure which level is most suitable for you, give us a call or send us an email, and we’ll advise you.
Roghnaigh an cúrsa seo má tá Gaeilge labhartha mhaith agat cheana féin; tú in ann comhrá a dhéanamh ar ábhair a bhfuil cur amach agat orthu m.sh. scéal a insint faoi rud a tharla, do thuairim a thabhairt agus í a mhíniú, fiú má dhéanann tú botún ó am go chéile. Díreofar ar roinnt croí-ghnéithe den ghramadach sa chúrsa seo (na bunaimsirí agus an modh coinníollach, inscne na n-ainmfhocal) chomh maith le cúrsaí foghraíochta, stór focal, agus an saibhreas teanga.
NB: Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal is feiliúnaí duit - cuir glaoch orainn, nó seol ríomhphost chugainn, agus cuirfimid comhairle ort.
Choose this course if you already have a good level of spoken Irish; you can tell a story about something that happened, give your opinion and explain it, even if you make mistakes now and again. This course focuses particularly on core aspects of grammar (basic tenses and the conditional tense, gender of nouns), along with pronunciation, vocabulary, and developing a richer command of the language.
NB: If you’re not sure which level is most suitable for you, give us a call or send us an email, and we’ll advise you.
Roghnaigh an cúrsa seo má tá tú compordach ag labhairt Gaeilge agus tú in ann caint faoi bhformhór na n-ábhar gan mórán stró. Anseo, dírímid ar líofacht agus ar shaibhreas cainte, do chuid Gaeilge a thabhairt chun foirfeachta. (Más é mionchruinneas na gramadaí atá uait go háirithe, féach ar an seachtain Cruinneas, a bheidh fógartha go luath.)
Choose this course if you're comfortable speaking Irish and can talk about most subjects without much effort. Here we focus on fluency and richness of expression, bringing your Irish to a real polish. (If it's fine-grained grammar you're after in particular, look at the Cruinneas week, which will be announced soon.)
Not sure? Neamhchinnte fós?
Níl sa mhéid thuas ach treoir. Léigh na cuir síos is roghnaigh an ceann is cosúla leat, nó bain triail as an tástáil leibhéil ghairid seo. Tógfaidh sé 10 - 20 nóiméad.
The above is only a guide. Read the descriptions and pick the one that sounds most like you, or try this short level check. It will take 10 - 20 minutes.
Réidh le do spás a chur in áirithe? Tá na cúrsaí beo anois!
Ní chlúdaíonn an áirithint seo ach an cúrsa, na múinteoirí, na héascaitheoirí agus na hábhair. Eagraíonn gach freastalaí an lóistín agus an bia.
Tá an áirithint seo faoi pholasaí cealaithe, atá ar fáil le léamh anseo.
Ceann do na seachtain is fearr i mo shaol. Bhí an múinteoir ar fheabhas, an oileáin ddchreidte, an grúpa an-cháirdúil. Bhí a lán spraoí againn agus ba mhaith liom go mór a bheith ag rothaíocht amuigh faoin spéir ar an oileáin
álainn seo.
I just loved my week on Inis Meáin, a real break from everything enjoying a taste of island culture and the Irish language.
Seachtain iontach ar Inis Meáin, rang gach maidin, imeachtaí breise ar siúl san iarnóin agus san oíche, mar shampla Siúlóid agus seisiúin Ceoil, aitmeasféar thar cionn go deo.
.jpg)
.jpg)
%20(1).jpeg)
.jpg)
Grúpaí

Más spéis leat cúrsa a dhéanamh do ghrúpa, don eagraíocht nó don institiúid oideachais ina bhfuil tú páirteach, cuirimid cúrsaí saincheaptha ar fáil lasmuigh de na cúrsaí samhraidh, ag brath ar mhúinteor agus áisitheoirí a bheith ar fáil.
Más spéis leat ann, déan teagmháil le gaeilgeinismeain@gmail.com, agus déanfaimid gach iarracht freastal ort féin agus ar do ghrúpa.
Grúpa ó Thionscnamh Oideachais Pobail CDETB a thug cuairt i Meán Fómhair 2026
Na Múinteoirí
Aedín Ní Thiarnaigh
Is scríbhneoir Gaeilge, aistritheoir agus craoltóir í Aedín Ní Thiarnaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Meáin le roinnt blianta anuas. Tá bunchéim aici sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht (Ollscoil Luimnigh), mar aon le máistreacht i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), agus Teastas Iarchéime i Léann an Aistriúcháin (Ollscoil na Gaillimhe). Tá Aedín ag teagasc le Gaeilge Inis Meáin ó 2022.
Emmet de Barra
Is as Baile Átha Cliath d'Emmet de Barra, is tá céim aige sa Ghaeilge is Stair ó Choláiste na Tríonóide. Faoi láthair, tá sé ag tabhairt faoi PhD sa Ghaeilge Chlasaiceach (mheánaoiseach) i gColáiste na Tríonóide, is cuireann sé an-spéis i stair agus cultúr na nGael ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann. Tá taithí na mblianta aige ag múineadh ranganna do dhaoine fásta le Conradh na Gaeilge, is díríonn a ranganna ar an tuiscint ar ghramadach is strúctúr na teanga mar aon le cruinneas na Gaeilge scríofa.
Aisling Ní Chonghaile
Is duine de bhunús an oileáin í Aisling Ní Chonghaile. Rugadh agus tógadh Aisling ar Inis Meáin agus is í an Ghaeilge a chéad teanga. Is múinteoir bunscoile í Aisling agus tá sí ag múineadh le cúig bliana déag anuas i ngaelscoileanna. Tá an-suim aici i gcúrsaí teanga. Bhain sí Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta amach i 2023 le Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Is breá le Aisling a bheith ag baile in Inis Meáin agus caitheann sí formhór a cuid laethanta saoire ar an oileán. Tá roinnt mhaith taithí ag Aisling a bheith ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta idir ábhar oidí, tosaitheoirí agus meánleibheál in Inis Meáin agus i gceantair Gaeltachta
eile. Díríonn a cuid ranganna ar ghnéithe difrúla den teanga, nathanna cainte áitiúla agus gnéithe gramadaí.
Aoife Ní Fhátharta
Faoi láthair tá Aoife ag cur fúithi i bPrág, Poblacht na Seice. Is as Inis Meáin a muintir ó dhúchas agus caitheann sí gach samhradh ar an oileán. Tá Aoife cáilithe mar dhlíodóir agus i 2008 rinne sí cúrsa ullmhúcháin sa dlítheangeolaíocht in Óstaí an Rí. Chomh maith leis sin bhain sí amach céim MA sa Ghaeilge Fheidhmeach. D’oibrigh sí mar Dhlítheangeolaí leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus ina dhiaidh sin mar dhlíodóir ar son chearta an duine leis na Náisiún Aontaithe san Eilvéis. Tá go leor taithí ag Aoife bheith ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta (idir mheánleibhéal agus cruinneas) i mBÁC le Gaelchultúr agus Conradh na Gaeilge agus ar fud an domhain.
Alex Mac Seoin
D’fhreastail Alex, as Ráth Cairn i gCo. na Mí, ar scoil anseo ar Inis Meáin agus é ina dhéagóir, tar éis dó scoláireacht a fháil.
Rinne sé oiliúint freisin mar mhúinteoir i mbunscoil áitiúil Inis Meáin, mar chuid dá chéim BA i Múinteoireacht Bunscoile ó Marino.
Fuair Alex ‘Duais na Gaeilge’ nuair a bhain sé céim amach, duais don chéad áit sa Gaeilge a bhronntar ar an mac léinn a bhaineann an toradh is airde amach sa Gaeilge le linn a thréimhse ar an gcúrsa.
Isibéal Ní Cheallaigh
Chríochnaigh Isibéal a cuid oiliúna múinteoireachta i Scoil Náisiúnta Inis Meáin freisin.
Faoi láthair tá sí ar sos ón múinteoireacht chun dul ar thóir ceoil agus cur i láthair - beidh tú le feiceáil go luath ar chlár nua TG4 ‘filleann an fheall’.