FÉILE NA bPUITEACHAÍ 2023
Féile nua is é ‘Féile na bPuiteachaí Inis Meáin’ ina reachtálfar réimse ócáidí pobail in Halla Naomh Eoin ar Satharn an 23ú Meán Fómhair a dhéanfaidh céiliúradh ar ‘puiteachaí’ (sméara dubha Inis Meáin). Tarraingeoidh an fhéile an pobal le chéile chun na húsáidí ar fad a bhaineann leis na torthaí úd a chéiliúradh; le seanchas, ealaíon, cócaireacht, ceol agus eile.
Clár imeachtaí
Comórtas filíochta Gaeilge:
Eagrófar comórtais filíochta mar chuid don fhéile; Is é an téama ná “Torthaí an Fhómhair”.
Comórtais na nÓg
Tá Comórtais na nÓg oscailte do ghasúir bunscoile agus meánscoile agus iarrfar orthú píosa filíochta nó liricí amhráin a scríobh, ina bhfuil ceangal leis an téama “Torthaí an Fhómhair”.
Seo a leanas na na catagóir:
Gasúir bunscoile Sóisir (Naíonáin – Rang 2)
Gasúir bunscoile Sinsir (Rang 3 – Rang 6)
Scoláirí Meánscoile Sóisir (Bliain 1 – 3)
Scoláirí Meánscoile Sinsir (Bliain 4 – 6)
Dearbháin ar fáil do na buaiteoirí in gach catagóir.
Comórtas na nDaoine Fásta
Oscailte do iomaitheoirí os cionn 18 bliain d’aois. Iarrtar ar iomaitheoirí píosa filíochta nó liricí amhráin a scríobh, ina bhfuil ceangal leis an téama “Torthaí an Fhómhair”
Costas iontrála €5 le níoc ANSEO.
Duaiseanna airgid ar fáil do na buaiteoirí;
1ú áit €100
2ú háit €50
3ú háit €30
Ní mór iontrálacha a sheoladh isteach roimh 6in ar an 19ú Meán Fómhair.
Is féidir na hiontrálacha a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected].
Ní mór ainm, catagóir agus modh teagmhála a chur le gach iontráil.
Fógrófar na buaiteoirí ag Oscailt Oifigiúil na Féile ag Halla Naomh Eoin ar a 12:00i.n. ar lá na féile.
Satharn an 23ú Meán Fómhair
HALLA NAomH EOIN
11:00 Parkrun inis meáin
Cúrsa 5km. Is féidir siúil, sodar, rith nó cúnamh a thabhairt.
12:00 Oscailt Oifigiúil na Féile
Osclófar an Fhéile go hOifigiúil ar a 12:00i.n. sa halla agus fógrófar buaiteoirí na Comórtais Filíochta. Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí ar an árdán. Seolfar an Taispeántas Béaloideas ag an oscailt freisin. Soláistí ar fáil.
12:45 Siúlóid seanchais
Cuirfidh Aedín Ní Thiarnaigh siúlóid treoraithe ar bun inar féidir le rannpháirtithe a bpuiteachaí féin a bhailiú ar na creaga. Roinnfidh sí seanchas agus scéalta faoi dhúlra Inis Meáin leis an ngrúpa le linn an turais. Is féidir na puiteachaí a bhaileofar le linn na siúlóide a thabhairt abhaile, a ithe ar an spota nó a úsáid do chuid de na hócáidí sa halla níos déanaí.
Moltar do rannpháirtithe próca beag a thabhairt leo.
13:30 Péinteáil Puiteachaí
Taispeánfaidh Juda Uí Loinsigh agus Orlaith Breathnach cén chaoi le dúch nádúrtha a dhéanamh as puiteachaí. Beidh fáil ar scuabanna péinte agus páipéar le go mbeidh deis ag cách a bheith ag péinteáil le puiteachaí. Beidh daoine in ann a saothar a thabhairt abhaile leo nó a chrochadh ar an mballa sa halla.
14:30 Déanamh Suibhe
An dara imeacht ná ócáid do ghasúir; déanamh suibhe sa chistin. Taispeánfar cén chaoi le subh mhilis bhlasta a dhéanamh le puiteachaí Inis Meáin. Beidh deis ag daoine a gcuid bpuiteachaí féin a chaitheamh isteach sa phota agus próca suibhe a thabhairt abhaile leo. Beidh deis freisin an saothar a bhlaiseadh ar an spota le ceapairí arán, suibhe agus im.
Moltar seanéadaí a chaitheamh ag na ócáidí seo.
14:30 CEArdlann cróiseála
Cuirfidh Cumann Cniotála Inis Meáin ceardlann ar bun ina mbeidh deis ag daoine a gcuid puiteachaí féin a chróiseáil. Ní gá le taithí cróiseála nó cniotála bheith ag na rannpháirtithe.
15:30 Comórtas Bácála
Fáilteofar roimh iontrálacha do Chomórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí 2023.
Iarrtar ar dhaoine a rogha milseoige a bhácáil sa bhaile, ag baint úsáide as puiteachaí Inis Meáin mar chuid den oideas, agus a thabhairt go Halla Naomh Eoin ar an 23ú Meán Fómhair.
Bronnfar dearbhán €100 ar an gcéad áit, €50 ar an dara háit agus €30 ar an tríú háit don mhilseog puiteachaí is blasta.
Beidh deis ag an bpobal a bheith i láthair mar a dhéanfar an mholtóireacht, agus na cácaí a bhlaiseadh. Beidh tae agus caifé ar fáil.
Ní mór do bhácálaithe clarú don chomórtas roimh ré (anseo thíos nó ag Siopa Ruaidhrí Beag) agus a bheith i Halla Naomh Eoin ar 15:15 sula dtosaíonn an comórtas ar 15:30.
Ní mór do bhácálaithe clarú don chomórtas ANSEO roimh ré, nó i Siopa Ruaidhrí Beag.
Ní mhór do bhácálaithe a bheith i Halla Naomh Eoin ar 14:45 ar an lá le do dtabharfar uimhir dá gcistí sula dtagann an moltóir.
16:30 Ceardlann Deochanna
Stiúrfaidh Aedín Ní Thiarnaigh ceardlann deochanna do dhaoine fásta sa halla ina dtaispeánfaidh sé do rannpháirtithe cén chaoi le torthaí an oileáin a úsáid chun blas a chur le gin. Tabharfaidh gach rannpháirtí a saothar abhaile leo.
Ní mór a bheith 18+ chun freastal ar an ócáid seo.
Ticéid teoranta ar fáil ANSEO ar €20 agus beidh líon teoranta ticéad ar fáil i Siopa Ruaidhrí Beag freisin.
20:00 Seisiún na bpuiteachaí
Cuirfear críoch leis an bhféile le seisiún amhránaíochta Gaeilge sa Teach Ósta.