top of page

Ranganna Gaeilge

Meánrang 1
1- 5 Aibreán

Aedín Ní

Thiarnaigh

€300

Saibhreas
Teanga 1
4 - 8
Meitheamh

Aedín Ní

Thiarnaigh

€350

Meánrang 2
10 - 14
Meitheamh

Aedín Ní

Thiarnaigh

€350

Bunrang 1
17 - 21
Meitheamh

Máirín Ní Choincheanainn

€350

Bunrang 2
24 - 28
Meitheamh

Máirín Ní Choincheanainn

€350

Meánrang 3
8 - 12 Iúil

Aoife Ní

Fhátharta

€350

Cúrsa
Dáta
Múinteoir
Costas
Vera-Fabry-18-scaled.jpg

Coláiste Gaeilge Inis Meáin

Tá an Coláiste “Gaeilge Inis Meáin” lonnaithe ar an oileán i lár báire d’oileáin Árann. Seoid ar an Atlantach ina gcaomhnaítear an teanga is an cultúr in áit atá thar a bheith sábháilte agus ciúin. Níl a sárú ann ó thaobh fáilte Uí Cheallaigh a fháil ón bpobal áitiúil agus tá radharcanna dochreidte le feiceáil. Níl an áit millte ag an turasóireacht agus is féidir meascadh le cainteoirí dúchasacha agus feabhas ar leith a chur ar do chuid Ghaeilge le blas binn Inis Meáin. Le foireann ardoilte, cuirfear ina luí ar dhaltaí gur teanga beo í an Ghaeilge agus gur féidir spraoi a bhaint as sa rang agus sna himeachtaí  taobh amuigh den rang araon. Beidh líon teoranta dalta ar an gcúrsa ina dtabhrfar aird speisialta ar gach dalta.

Bígí linn agus lean lorg leithéidí Pádraig Mac Piarais, W. B. Yeats, J.M Synge, Eoin Mac Néill, Dubhghlás De Híde Lady Gregory, Éamon De Valera, Éamon Ó Cuív agus go leor eile, iad ar fad a tháinig anseo chuig Inis Meáin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

  • Why do FAQs matter?
    FAQs are a great way to help site visitors find quick answers to common questions about your business and create a better navigation experience.
  • What is an FAQ section?
    An FAQ section can be used to quickly answer common questions about your business like "Where do you ship to?", "What are your opening hours?", or "How can I book a service?".
  • Where can I add my FAQs?
    FAQs can be added to any page on your site or to your Wix mobile app, giving access to members on the go.
  • How do I add a new question & answer?
    To add a new FAQ follow these steps: 1. Manage FAQs from your site dashboard or in the Editor 2. Add a new question & answer 3. Assign your FAQ to a category 4. Save and publish. You can always come back and edit your FAQs.
  • How do I edit or remove the 'Frequently Asked Questions' title?
    You can edit the title from the FAQ 'Settings' tab in the Editor. To remove the title from your mobile app go to the 'Site & App' tab in your Owner's app and customize.
  • Can I insert an image, video, or GIF in my FAQ?
    Yes. To add media follow these steps: 1. Manage FAQs from your site dashboard or in the Editor 2. Create a new FAQ or edit an existing one 3. From the answer text box click on the video, image or GIF icon 4. Add media from your library and save.
  • Céard go díreach a bhíonn ar siúl ar na Cúrsaí Gaeilge?
    Bíonn chuile Chúrsa Gaeilge againn 5 lá ar fhad. Bíonn 3 uair an chloig ranganna gach lá agus bíonn imeachtaí breise ar siúl freisin sa trathnóna nó san oíche. Is féidir leat Clár Ama Samplach a fheiceáil anseo. Molann muid bróga reatha compórdach agus cóta báistí éadrom a thabhairt leat mar go mbíonn cuid de na himeachtaí ar siúl taobh amuigh.
  • Cén lóistín atá ar fáil ar an oileán?
    Níl lóistín san áireamh sa táille don Chúrsa Gaeilge, is gá duit féin do lóistín a shocrú. Is féidir féachaint ar liosta den lóistín atá ar fáil ar an oileán anseo. Bíonn an clár ama socraithe i gcónaí le gur féidir leat taisteal amach chuig an oileán an mhaidin den chéad lá agus an oileán a fhágáil an trathnóna den lá deireanach. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat freastal ar an chúrsa uilig ar cheithre oíche lóistín más mian leat. Bíonn an lóistín atá ar fáil ar an oileán thart timpeall ar an mbaile agus ní bhíonn thar 20 nóiméad siúl chuig aon chuid de na himeachtaí ó na tithe lóistín.
  • An mbíonn aon scoláireachtaí ar fáil le freastal ar na Cúrsaí Gaeilge seo?
    Tá roinnt eagraíochtaí a chuireann scoláireachtaí ar fáil do fhoghlaimeoirí Gaeilge agus tugann formhór acu aitheantas do Ghaeilge Inis Meáin mar chúrsa ábhartha do úsáid an scoláireacht. Cuid de na heagraíochtaí a chuireann scoláireachtaí ar fáil ná Glór na nGael, Gael Linn, Gaeilge ABC agus An Bruach Thoir.
  • Cén cúrsaí bia atá ar fáil ar an oileán?
    Bíonn bia ar fáil sa Teach Ósta ó 12:00 - 15:00 agus ó 18:00 - 20:00. Bíonn tae/caife ar fáil ag Caifé Synge a bhíonn oscailte ó 10:00 - 16:00. Bíonn roinnt bia ar fáil ag Siopa Ruaidhrí Beag a bhíonn oscailte ó 10:30 – 13:00, 14:00 – 17:00 Luain go Satharn, 12:00 – 14:00 ar an Domhnach. Is fiú labhairt le bhur lóistín faoi shocraithe bia eile. Molann muid go láidir do aon duine atá riachtanais bia speisialta acu socraithe bia a dhéanamh roimh ré mar gur féidir leis an teorainn rogha bia ar an oileán a bheidh deacair orthu siúd nach bhfuil socraithe faoina chomhair.
  • Cén leibhéal cúrsa atá feiliúnach domsa?
    Cuireann muid 3 leibhéal dífríocht de chúrsaí ar fáil: Bunrang, Meánrang and Saibhreas Teanga. Bunrang: Is cúrsa é seo a bheidh feiliúnach don fhoghlaimeoir a bhfuil fíorbheagán taithí acu leis an teanga; scoláire nach ndearna staidéar ar an nGaeilge sa bhunscoil in Éirinn cur i gcás, nó duine a bhfuil cúpla focal acu ach nach bhfuil ar a gcumas mórán abairtí a chur le chéile fós. Díreofar sa chúrsa seo ar fhrásaí coitianta ar féidir a úsáid go laethúil, ar stór focal agus ar chleachtaí cainte i measc ábhar eile. Meánrang: Is cúrsa é seo a bheidh feiliúnach don fhoghlaimeoir a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu (duine atá in ann comhrá bunúsach a dhéanamh, ach a bhfuil easpa misnigh acu i leith na teanga, nó duine a mbíodh Gaeilge mhaith acu uair amháin ach nár úsáid an teanga le tamall fada. Díreofar sa chúrsa seo ar chleachtaí cumarsáide, ar chleachtaí éisteachta, ar chruinneas na Gaeilge agus ar an saibhreas teanga.
  • Céard iad na modhanna taisteal chuig an oileán?
    Bád Fágann an bád farantóireachta Ros a’ Mhíl gach lá ag 10:30 agus 18:30 (18:00 sa nGeimhridh) agus sroicheann sí Inis Meáin thart ar 50 nóiméad níos déanaí. Fágann sí Inis Meáin ag 08:15 agus ag 16:45 gach lá freisin. Is féidir ticéad a chur in áirithe anseo, nó a cheannacht san oifig i Ros a Mhíl nó i nGaillimh. Is féidir rothar a thógáil ar an mbád seo. Tá bus ar fáil a fhágann Gaillimh le bualadh le bád Ros a Mhíl. Tá páirceáil ar fáil ag an gcalafort ach ar tháille lae. Oifig Ros a Mhíl – 091 568903 Is féidir taisteal as Dúlainn freisin ach na báid a chuir in áirithe roimh ré anseo. Is féidir le am-chlár na mbád seo athrú.  Oifig – 065 7075555 Eitleán Eitlíonn Aer Arann isteach go hInis Meáin gach lá ag 09:00, 10:30 agus 16:30. Fágann siad Inis Meáin gach lá ag 09:15, 10:45 agus 16:45. Tógann an eitilt thart ar 8 nóiméad. Tá páirceáil ag Aerfort Chonamara saor in aisce. Seo an áit a bhfuil an t-aerfort. Ní féidir rothar a iompar ar an eitleán. Is féidir ticéad a cheannacht anseo. Tá bus ag Aer Arann freisin a fhágann Gaillimh roimh chuile eitlit.  Aer Árann – 091 593034 
  • An bhfuil na cúrsaí seo cáilithe mar chúrsaí Saoire Pearsanta Breise (EPV)?
    Níl na cúrsaí cáilithe mar chúrsaí Saoire Pearsanta Breise.

Sínigh suas chuig ár liosta seoltaí le bheidh curtha ar an eolas nuair atá na dátaí do 2025 deimhnithe!

This is your Testimonial quote. Give your customers the stage to tell the world how great you are!
This is your Testimonial quote. Give your customers the stage to tell the world how great you are!
This is your Testimonial quote. Give your customers the stage to tell the world how great you are!
bottom of page