Le feiceáil ar Inis Meáin
CAD A FHÁIL AR AN OILEÁN
Dún Chonchubhair
Is é Dún Chonchubhair an dún is mó ar na hOileáin Árann. Tá sé ar cheann de na dúnta is sine agus is cáiliúla sa tír. Tá Dún Chonchubhair suite ar bhaile an Dúna, ar an bpointe is airde ar an oileán. Ainmníodh an dún seo i ndiaidh fear darbh ainm Conchrúid Mac Uathmhóir, mar sin tugadh Dún Chonchrúid ar an dún seo ar feadh tamaill ach de réir ama athraíodh an t-ainm go dtí Dún Chonchubhair. Ba deartháir é Conchrúid d’Aengus, atá Dún Aengus (Dún Aonghusa) ar Inis Mór ainmnithe ina dhiaidh. Is dún cnoic é seo agus meastar gur tógadh é le h-aghaidh ionad cónaithe, cosaint agus faire é. Athchóiríodh na bealaí isteach go dtí an dún agus thrógadh cuid de na clocháin laistigh tuairim is 1880. Tá cosán ag dul tríd na buailte go dtí an dún.
Leaba Dhiarmada ‘is Ghráinne
Seo uaigh neoliteach nó uaigh a théann siar go tús an chré-umha (4000 – 1400 RC). Tá go leor tuamaí meigiliteacha in Éirinn ach tá sé se ar cheann de na samplaí is fear díobh. Tá an leaba / uaigh seo feiceáil ar Bhaile an Mhúir. Úsáideadh an tuama seo chun coirp a adhlacadh. Tá an scéal fiannaíochta ‘Tóraíocht Dhiarmaid agus Ghráinne’ ag baint le ainm na h-uaigh seo. Bhí Gráinne, an bhean álainn seo geallta le Fionn Mac Cumhail ach thit Gráinne i ngrá le fear darbh ainm Diarmaid. Bhí an-eagla ar Dhiarmaid roimh Fhionn ach bhí an-omós aige dó chomh maith.
Dún Fearbhaigh
Tá an dún seo suite ar Bhaile an Mhúir, ar an gceann thoir den oileán, thuas ar leiceann an chnoic ag faire an t-Súnda Shalaigh idir Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá an dún seo neamhghnáthach mar go bhfuil sé cearnógach níos mó ná ciorcalach. Is minic go dtugtar ‘Dún an Mhóthair’ air go minic freisin. Níl an dún seo ina dhaingean chomh láidir le Dún Chonchubhair mar d’fhéadfadh nach raibh sé ceaptha ach le haghaidh airdeall agus faire nuair a tógadh é. Tugann róidín chuig an dún thú ón bpríomhbhóthar.
An Clochán
Tá an bothán seo a bhfuil déanamh corceoige beach air tógtha ar an sean mhodh traidisiúnta, na clocha ag coirbéal isteach sa gcaoi go bhféadfaí an díon a chríochnú le cloch mhullaigh a chuir anuas air. Meastar gur tógadh an clochán seo i rith ré na críostaíochta, am éigin tar éis an 6ú h-aois, nuair a thosaigh manaigh ag taisteal go dtí áiteanna iargúlta chun an chreideamh críostaíochta a chraobhscaoileadh agus chun a bheith níos gaire do Dhia.
Séipéal Mhuire gan Smál agus Naomh Eoin Baiste
Is i 1939 a coisricíodh an séipéal seo. Is fiú go mór na fuinneoga daite ó stiúideo Harry Clarke a fheiceáil, atá cliú orthu ar fud na cruinne. James Pearse (Athair Phádraig Mac Piarais) a thóg an altóir. Aistríodh an altóir ón sean séipéal a bhí trasna an bhóthair. Is as seo a tugadh an mhias uisce choisricthe le taobh an gheata mhóir, an t-umar in aice an dorais agus an píosa sníodóireachta den chéasadh os cionn an dorais. Teampall Mhuire a bhí ar an sean séipeál.